An Cúlú Eacnamaíochta Student Submitted Answer

An Cúlú Eacnamaíochta- Oisín Ó hIarnáin:

“Ní bhíonn uasal ná íseal, ach thuas seal thíos seal”. Is beag aird a bhí ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar an seanfhocal críonna seo le linn ré an Tíogair Cheiltigh. Is cosúil go raibh an ceart ag leithéidí David McWilliams agus tuairisceoirí eile nuair a dúirt siad nach raibh an geilleagar in ann leanúint ar aghaidh sa chaoi a raibh sé agus go mbeadh tubaiste mhór airgeadais ann. Faraor, ní raibh aon duine ag éisteacht. Bhí gach duine ró gnóthach ag caitheamh airgid ar rudaí seafóideacha agus is cosúil nach raibh aon duine ag sábháil pingin. Chaith go leor daoine an iomarca airgid ar tí agus ar thalamh. Bhí na bainc ag tabhairt iasachtaí do na daoine seo agus ní raibh an t-airgead acu chun iad a íoc ar ais. Bhí an iomarca daoine ag dul sa seans nuair a bhí siad ag déanamh infheistíochtaí agus faraor níl ach toradh amháin ann nuair a tharlaíonn sé sin. Nuair a fheiceann tú daoine a raibh na milliúin euro acu i dtrioblóid, cén seans a bhí ag an ghnáth dhuine a bhí ag iarraidh teach a cheannaigh dó féin nó dá chlann? Is dócha go bhfuair an tsaint an ceann is fearr ar go leor daoine. Ní raibh siad sásta leis an méid a bhí acu agus bhí siad i gcónaí ag iarraidh tuilleadh agus tuilleadh.

Níl mórán daoine sa tír a tháinig slán ón gcúlú eacnamaíochta. Bhuail sé gach teach sa tír ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Idir óg agus aosta, bhí siad ar fad dífhostaithe. Bhí ar na mílte dul ar imirce chun poist a fháil agus bhí ar na mílte eile éirigh as níos luaithe ná mar a bhí i gceist acu. Tá go leor tallann caillte ag Éirinn de bharr an Chúlú Eacnamaíochta. Tá na céimithe is fearr sa tír ag fágáil mar níl na poist anseo dóibh agus tá an pá i bhfad níos fearr i dtíortha cosúil le Sasana, An Ghearmáin agus in áiteanna eile ar fud an domhain. Bhí innealtóirí agus ailtirí ag cur isteach ar phoist i McDonalds agus i Supermacs. Ní raibh na bialanna ag iarraidh poist a thabhairt dóibh ós rud é go raibh siad ró cáilithe. Cén fáth a b...

Sign In To View

Sign in or sign up in order to view resources on iRevise

Sign In Create An Account